Turasóireacht

10 gCinn Scríbe is mó Gaeilge

Gaoth Dobhair, Co. Thir Chonaill

Is ceantar Gaeltachta é Gaoth Dobhair atá suite ar an chosta Iarthar de chontae Dhún na nGall.

Síníonn Gaoth Dobhair 16 míle ó Mhín an Chladaigh sa Tuaisceart go Croith Lí sa Deisceart agus timpeall 9 míle ó Dhún Luíche san Oirthear go Machaire Chlochair san Iarthar. Is é an ceantar Gaeltachta is mó in Éirinn agus is é an ceantar tuaithe leis an daonáireamh is mó san Eoraip, thart ar 4,065 duine. Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta réigiúnda lonnaithe ann. Tá an Campus Coláiste Réigiúnda de chuid Ollscoil na Gaillimhe lonnaithe ann fosta. Is iad an Bun Beag, na Doirí Beaga, Dún Luíche, Croith Lí agus Bun na Leaca na bailtí sa cheantar. Is an Eargail an Sliabh is airde sa chontae tá Gaoth Dobhair suite faoi scáth na sléibhe.

Aithnítear Gaoth Dobhair mar áit ina bhfuil an cultúr Gaelaigh beo. Is féidir leat ceol traidisiúnta a chluinstin sa cheantar, aisteoireacht Ghaeilge a fheiceáil. Bíonn ról lárnach ag cluíche luth chleasa Ghaela agus an Ghaeilge i saol na ndaoine sa cheantar.

Is ceann scríbe mór turasóireachta é mar gheall ar na tránna agus an amharc sléibhe. Tagann cuid mhór turasóirí ó na sé chontae mar gheall ar seo.

Rann na Feirste

Is sráidbhaile agus bailte fearainn é sna Rosa, Co. Dhún na nGall . Is í an Ghaeilge an teanga laethúil de mhuintir na háite.

Tá clú agus cáil ar an cheantar mar gheall ar na scríbhneoirí móra Gaeilge, Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna, agus an grúpa ceoil Skara Brae. Bíonn an-mheas ar an amhránaí sean-nóis Connie Mhary Mhicí Ó Gallchóir fosta.

Is ceantar Gaeltachta é Rann na Feirste agus mar gheall ar seo tagann na sluaite daltaí ó cheantair eile fud na hÉireann chun na Gaeilge a fhoghlaim. Is í Coláiste Bhríde an Coláiste Gaeilge sa cheantar.

Tá cáil ar an cheantar fosta mar gheall ar an bhanna máirseála. Bunaíodh an banna i 1976 agus tá neart duaiseanna bainte aige. Bhain an banna an chéad duais i bhFleadh Cheoil na hÉireann 3 uair agus fógraíodh iad mar ‘champion of champions’ nuair a fuair siad 100 as 100 i 1989.I 1997 fógraíodh iad mar ‘champions of Ireland’ sa cheol claisiceach. Scair an banna i 2000 ach tháinig siad ar ais le chéile i 2008.

Oileán Thoraí, Co. Thír Chonaill

Ní thig le focail amháin cur sios a dhéanamh ar áilleacht scirdiúil de chuid Thoraí, ar spiorad dochloite a mhuintiresean nó ar a n-oidhreacht shaibir chultúrtha. Seasann an t-oileán largúlta sea (2½ mile ar fad, agus ¾ mile ar leithead) na Geimhrí fíochmhara le bláthú aris faoin ngrian bhog an tSamhraidh. Ach, ó shéasúr go séasúr, fanann rud amháin gan athrú; muintir an oileáin iad féin.

Tá muintir Thorai buanseasmhach agus neamhspléach mar atá orthu a bheith le cur suas leis na Geimhrí garbha. Tá a fhios acu, áfach, an dóigh chun sult a bhaint as an saol, agus maireann cultúr dearscnaitheach Gaelach ina gcuid ceoil agus damhsa, amhráin agus seanchais.

Na daoine, na h-aillte arda, na h-iarsmaí manachúla agus scáth Bhaloir Na Súile Nimhe; tá siad uilig ag fanacht ar an gcuairteoir go Oileán Thorai.

Tory Island, Co. Donegal

Ní thig le focail amháin cur sios a dhéanamh ar áilleacht scirdiúil de chuid Thoraí, ar spiorad dochloite a mhuintiresean nó ar a n-oidhreacht shaibir chultúrtha. Seasann an t-oileán largúlta sea (2½ mile ar fad, agus ¾ mile ar leithead) na Geimhrí fíochmhara le bláthú aris faoin ngrian bhog an tSamhraidh. Ach, ó shéasúr go séasúr, fanann rud amháin gan athrú; muintir an oileáin iad féin.

Tá muintir Thorai buanseasmhach agus neamhspléach mar atá orthu a bheith le cur suas leis na Geimhrí garbha. Tá a fhios acu, áfach, an dóigh chun sult a bhaint as an saol, agus maireann cultúr dearscnaitheach Gaelach ina gcuid ceoil agus damhsa, amhráin agus seanchais.

Na daoine, na h-aillte arda, na h-iarsmaí manachúla agus scáth Bhaloir Na Súile Nimhe; tá siad uilig ag fanacht ar an gcuairteoir go Oileán Thorai.

Gaeltacht Mhúscraí- Cúl Aodha/Baile Mhuirne/ Béal Atha’n Ghaorthaidh/ Baile Mhic Ire/ Inse Géimhleach | Cill na Martra | Réidh na nDoirí

An Limistéar: Tá ceantar Mhúscraí suite i gceann des na háiteanna is áille sa tír. Tá sé in iardheisceart na tíre, i gContae Chorcaí. Tá sléibhte Seithe (1797) agus Abhainn na Laoi mar theorainn aici sa Deisceart, agus san Iardheisceart tá loch an Ghuagáin agus a sléibhte (1989), san Iarthar agus sa Tuaisceart tá Sléibhte Doire na Sagart (1561’san Iarthar agus 2133′ sa Tuaisceart), agus mar theorainn san Oirthear tá an Ghaorthadh, atá mar chuid de Abhainn na Laoi, in aice le Magh Chromtha. Gaeltacht is ea ceantar Mhúscraí agus tá teanga, cultúr agus stair ar leith aici, atá an-thábhachtach agus luachmhar don gcuid is mó de na daoine, idir óg agus aosta.

Cultúr: Ba é an Ghaeilge teanga mhuintir Mhúscraí tríd na haoiseanna, ach bhí Laidin agus Gréigis in úsáid chomh maith, go háirithe insna Scoileanna Scairte, a bhí go líonmhar ar fud na h-áite. De bharr an Gorta Mór i 1845/47 thit líon na ndaoine go mór agus ina dhiaidh sin bhí imirce go forleathan. Is iad na h-oibrithe agus na feirmeoirí beaga is mó a d’fhulaing, ach tá sé fíor le rá gur lean siad leis na sean nósanna agus leis an Ghaeilge.

Gné an-mhór de shaol na Gaeltachta tríd na blianta ná na Feiseanna, le comórtaisí do Amhránaíocht ar an Sean Nós, Ceol, Rince, Drámaíocht, Filíocht, Scéalaíocht agus srl. Tríd na blianta feicimíd múinteoirí agus daoine díograiseacha eile ag déanamh a ndícheall chun na Gaeilge a spreagadh. D’eagraigh siad ranganna, seiminéaracha, scríochtanna agus drámaí – daoine mar Dónal Bán O Céilleachair, Seán O Ríordáin, Dónal O Ceocháin, Pronsias O Ceallaigh, Eamonn O hOrgáin, Séamus O Sé agus a lán eile. Gan amhras, rinne Seán O Riada a chuid féin don Ceol Gaelach agus chum sé an- chuid píosaí nua chomh maith.

Tá Féiltí mar na Féiltí Drámaíochta,Dámhscoil Mhuscrai Uí Fhloinn a bunaíodh i1924 mar aithris ar na Cuairteanna Filíochta a bhí ann cúpla céad bliain ó shin. Tionóltar é gach bliain timpeall um Nollag gan briseadh go dtí an lá atá inniu ann. Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin, Ghlóir Cheoil Chill na Martra, Daonscoileanna Bhéal Atha’n Ghaorthaidh agus srl mar chuid den Saol Ghaelach, agus meallann siad an-chuid cuairteoirí go dtí an áit gach bliain.

Territory: The area of Múscraí is situated in one of the most beautiful places in the country. It is in the South West of the country, in County Cork. The Shehy mountains (1797) and the river Lee act as a border in the South, and in the South West Lough Gougane and its mountains (1989),in the West and in the North there is the Derrynasaggart mountains and as a border in the West there is Gearagh as part of the river Lee beside Macroom.

Inis Mór Árann

Tá Oileán Árainn Mhóir suite trí mhíle amach ó chósta Iarthuaiscirt Thír Chonaill.

Thugtaí Ára Uí Dhomhnaill ar an oileán nuair a bhí Clann Uí Dhónaill i réim ar an oileán le linn na Meánaoiseanna. Scriosadh ar na Gael agus cuireadh tús le Plandáil Uladh sa bhliain 1609. I lár an seachtú haois déag, bronnadh an chuid is mó d’iarthar Thír Chonaill, Oileán Árainn Mhóir san áireamh ar William Conyngham, an tiarna talún a thóg Caisleán na Sláine agus a raibh cónaí air intí. Sa bhliain 1855, ghlac John Stoupe Charley sheilbh ar an oileán. Thóg seisean teach cónaithe (Ostán an Ghleanna) do féin, thóg sé Eaglais Phrotastúnach agus bhunaigh sé an chéad scoil i bhFál an Ghabhann. Nuair a tháinig deireadh le réim na dtiarna talún, ghlac Comisiúin Talún na hÉireann na taillte anonn sa bhliain 1893 agus bronnadh a gcuid taillte ar ais ar phobal an oileáin.

Tá 529 duine ina gcónaí ar an oileán. Is oileán álainn é le lochanna, aillte agus tránna fada bána. Tá go leor le déanamh ar Árainn Mhór.

Inis Oírr

Tá Inis Oírr ar an oileán is deise agus is cóngaraí don mhórthír. Is é Inis Oírr seoid Oileáin Árann mar tá sé suite i bhfarraigí gléghlan glioscarnach gorm an Atlantaigh agus tá trá álainn ghleoite ann, plandaí agus bláthanna neamhghnách agus na cuimse radharcanna spéisiúla.

Feicfidh tú bealach saoil traidisiúnta á chleachtadh ag an bpobal de 252 atá ar an oileán seo agus is í an Ghaeilge a dteanga labhartha. Tabharfaidh an cultúr Ceilteach agus áilleacht na háite blaiseadh ar leith duit den áit speisialta seo.

Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich- Béal Feirste

Tá fairsinge ar thrí urlár na Cultúrlainne do léiriú ealaíonta agus amharclainne, caifé, oifig eolais turasóireachta, raidió pobail agus an siopa leabhar agus féiríní is mó sa tuaisceart atá tiomnaithe do theanga agus do mheán na Gaeilge. Is í an Chultúrlann croi na Ceathrún Gaeltachta faoi bhláth. Seisiúin bheo cheoil thraidisiúnta agus chomhaimseartha, léamha filíochta, céilithe, ceolchoirmeacha, ceardlanna agus clár ealaíon na bpáistí, níl iontu ach cuid de na cúiseanna a n-aithnítear an Chultúrlann mar Eispéireas Gaeilge Bhéal Feirste. Buanaíonn An Chultúrlann traidisiúin chultúrtha agus forbraíonn tuilleadh iad trí ranganna, cheardlanna agus léiriú.

Cultúrlann Uí Chanainn

Is Gael-ionad ealaíon agus cultúir saintógtha é Cultúrlann Uí Chanáin. Is cuid de chomhlucht An Ghaelárais é agus osclóidh an t-áitreabh úr i Mórshráid Shéamais ar an 4ú Meán Fómhair 2009. Beidh an foirghneamh úr ina spás do léann, chruthaíocht, ransú agus fhiontar agus beidh sé ina rabhchán do Ghaeilgeoirí ar fud na hÉireann. Feidhmeoidh sé mar cheartlár d’eagrais eagsúla ar fud an iarthuaiscirt. Beidh na háiseanna seo i gCultúrlann Uí Chanáin:

  • Ionad ealaíon ilfheidhmeach agus amharclann 200 suíocháin
  • Coláiste an Phobail
  • Club Óige
  • Siopa leabhar agus ceirde
  • Caife
  • Aonad goradán gnó
  • Spás oifige.

Fógraíonn an t-áras úr tús le ré úr don Ghaeilge agus don Ghaelachas san Iarthuaisceart, ag feabhsú go mór na háiseanna atá ar fáil agus ag méadú na seirbhísí atá tairgthe.

Gleann Colm Cille

Cuachta idir cnoic iardheisceart Dhún na nGall, tá Gleann Cholm Cille ina shiombail dóchais ag pobail bheaga ar fud na hÉireann ó bhi na 1950iann. De thairbhe go bhfuil an t-úr agus an traidisiúnta fite fuaite frid a chéile anseo, tá bri agus beatha ann nach bhfuil i móran áiteacha eile in iarthar na tire.

Áit bhreá la ar bith sa bhliain is ea Gleann Cholm Cille. Tagann athrach ar an athrach le himeacht na séasúr; ni bhionn an fharraige nó na cnoic choiche mar an gcéanna; bionn iontas úr i gcónai roimh an té a bhios amuigh ag siúl. San oiche cluinfidh tú togha na bhfidléiri ag ceartú ceoil sna tithe leanna nó duine ag canadh Lá chois cuain, Cailini deasa Shrath Laoighill nó An seanduine dóitre.

I bhfad i ndiaidh don fhidléir a bhogha a ligint sios, nuair atá cosa an damhsóra socair agus an t-amhrán deireanach ráite, beidh cuimhne agat ar Ghleann Cholm Cille.

An Ceathrú Rua

Tá An Cheathrú Rua suite ar leithinis 40km siar ó chathair na Gaillimhe, idir Cuan Chasla ar an taobh thoir agus Cuan an Fhir Mhóir ar an taobh thiar. Reáchtáiltear imeachtaí mara Fhéile an Dóilín ar Chuan an Fhir Mhóir. Tá cáil mhór ar oidhreacht seoltóireachta agus mara an cheantair, chomh maith le Trá an Dóilín, trá coiréalach, a bhfuil Brat Gorm bainte amach aici.

Tá an Ghaeilge láidir sa cheantar, chomh maith le ceol agus amhránaíocht ar an sean-nós. Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, lonnaithe ar an mbaile, chomh maith le dhá choláiste samhraidh Gaeilge. Is ann freisin atá príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge, Foinse, lonnaithe.
Chomh maith le stair mara, tá stair láidir chultúrtha sa cheantar, le hamhránaithe móra le rá ar nós Tomás Mac Eoin, agus an t-ealaíontóir chlúiteach, Charles Lamb.