Fúinn

Fáilte!
Seo an www.pobalealaín.org , suíomh speisialta do na healaíona Gaeilge, atá á sholáthar ag POBAL.

http://www.pobal.org

Na hEalaíona Gaeilge
Cad é an rud ealaín Ghaeilge? Foirm ar bith ealaíne a chleachtar sa teanga Ghaeilge, bíodh sí ina healaín traidisúnta nó ina healaín nua-aimseartha, áirítear í ina healaín Ghaeilge.

Ábhar an tSuímh
Cuirtear cuid mhór eolais ar an suíomh seo cheana féin faoi na healaíona Gaeilge agus a mbaineann leo, ach tá sé ar intinn an t-ábhar sin a mhéadú agus a shaibhriú de réir a chéile.

Duine ar bith ar suim leo cúrsaí ealaíon Gaeilge, bainfidh siad tairbhe agus sult as a bhfuil ar fáil ar an suíomh seo. Seo roinnt den ábhar a chuirtear ar fáil air:

  • Imeachtaí : eolas faoi na himeachtaí ealaíon Gaeilge
  • Léirmeasanna : ábhar critice ar ealaíona Gaeilge
  • Rannóg Scoile: Smaointí, cuidiú agus spreagadh ealaíne do dhaltaí scoile
  • Turasóireacht: eolas turasóireachta a bhaineann leis na healaíona Gaeilge
  • Sárthaispeántais Ealaíne
  • Cartlann – ciste eolais faoi na healaíona Gaeilge ón am atá thart